Ballraíocht Ar | Déan Teagmháil Linn

Cód Cleachtais

Foilsíonn an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe an Cód Cleachtais de réir Alt 48 den Acht um SF 2014.

Folaítear in Alt 48 chomh maith gur féidir leis an Aire treoirlínte a fhorbairt agus a eisiúint faoin gCód; agus go mbeidh aird chuí ag comhlachtaí poiblí ar an gCód agus ar aon treoirlínte a dhéantar faoi i bhfeidhmiú aon fheidhme faoin reachtaíocht um SF.

Leagtar amach cur chuige céim ar chéim sa Chód Cleachtais:

  • lena chinntiú go bhfuil struchtúir, tacaíochtaí agus acmhainní éifeachtacha i bhfeidhm i gcomhlachtaí poiblí chun forfheidhmiú SF a éascú de réir an chleachtais is fearr;
  • chun ról ceannaireachta láidir, saineolach agus údarásach a bheith acu á chleachtadh ag an Aonad Beartais Láir um SF (CPU) sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Beidh sé seo mar threoir, mar thacaíocht, cuirfidh sé eolas agus saineolas ar fáil lena chinntiú go bhfeidhmítear SF go héifeachtach agus go héifeachtúil i gcomhlachtaí poiblí;
  • le tacú le gréasáin um SF a chuireann bealach sármhaith ar fáil chun foghlaim agus saineolas a roinnt agus a chuideoidh le cur chuige ginearálta a fhorbairt, agus chun dlúthchaidreamh oibre a chruthú agus a chothabháil idir iad agus an CPU um SF;
  • chun nósanna imeachta agus cleachtais a fheabhsú chun iarrthóirí a éascú agus chun comhlíonadh ag comhlachtaí poiblí leis an Acht a bhreisiú;
  • chun treoir a chur ar fáil le tacú le leasanna úsáideora agus cinnteoirí chun dea-chleachtas agus comhsheasmhacht i bhforfheidhmiú an Achta a shlánú;
  • chun oiliúint mharthanach a chinntiú chun dea-chleachtas um SF a chothabháil sna comhlachtaí poiblí ar fad;
  • chun treoir shoiléir laistigh de chomhlachtaí poiblí a chinntiú i ndáil le bainistiú taifead, lena n-áirítear cruthú agus coinneáil agus scriosadh taifead mar ghnáthchleachtas, d’fhonn cuidiú le haisghabháil éifeachtach faisnéise; agus
  • chun foilsiú réamhghníomh faisnéis taobh amuigh de SF a chur chun cinn, mar ghnáthchleachtas

Cáipéisí beo iad seo agus leanfaidh an CPU á n-athbhreithniú agus á nuashonrú de réir forbairtí um SF go náisiúnta.

Tá lámhleabhair sa rannán seo a cuireadh i dtoll a chéile faoin gCód Cleachtais chun an cleachtas is fear a chur chun cinn agus ba cheart féachaint orthu i gcomhthráth leis an gCód.

Cáipéisí beo iad seo agus leanfaidh an CPU á n-athbhreithniú agus á nuashonrú de réir forbairtí um SF go náisiúnta.

Codes of Practice

Icon

FOI Code of Practice 305.50 KB 11270 downloads

...