Ballraíocht Ar | Déan Teagmháil Linn

Beartas Fianán

Príobháideachas agus Fianáin

Cothaíonn an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe an suíomh gréasáin seo. Tá meas iomlán ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ar do cheart chun príobháideachais, agus ní bhaileofar aon fhaisnéis phearsanta fút ar an suíomh gréasáin seo gan do shainchead. Déileálfar le haon fhaisnéis pearsanta a chuireann tú ar fáil leis na caighdeáin is airde slándála agus rúndachta, de réir na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988-2003.

Baineann an ráiteas seo lenár gcleachtais phríobháideachais i gcomhar leis an suíomh gréasáin. Mínítear roinnt téarmaí teicniúla a úsáidtear sa ráiteas seo ag íochtar an leathanaigh seo.

Bailiú agus úsáid faisnéis phearsanta

Ní bhailítear aon fhaisnéis phearsanta ar an suíomh gréasáin seo, seachas faisnéis a chuireann tú ar fáil. (Mar shampla, nuair a thugann tú aiseolas nó nuair a chuireann tú ceist). Ní úsáidfear aon fhaisnéis a chuireann tú ar fáil ar an gcaoi seo ach chun na críche a chuireann tú ar fáil í.

Faisnéis a bhailímid mar ghnáthchleachtas

D’fhéadfaimis an fhaisnéis seo a leanas a bhailiú ó gach úsáideoir ar an suíomh:

  • Faisnéis staitistiúil (seoladh IP agus óstainm, leagan an bhrabhsálaí gréasáin, leathanaigh ar tugadh cuairt orthu, etc.).
  • Seoladh an tsuímh ghréasáin a raibh tú air sular tháinig tú chomh fada linn, lena n-áirítear an téarmaí cuardaigh a úsáideadh
  • Faisnéis eile a cuireadh isteach i bhfoirmeacha, mar shampla má cuireann tú isteach sonraí pearsanta nuair a iarrann tú foirm nó nuair a thugann tú aiseolas

Céard le haghaidh a úsáidimid an fhaisnéis

Ní úsáidfear aon fhaisnéis a chuireann tú ar fáil ach chun na críche ar cuireadh ar fáil í. Ní dhéanfaimid iarrachtaí cuairteoirí aonair a aithint, ná ní cheanglóimid na sonraí teicniúla arna liostú thuas le duine aonair ar bith. Is é ár mbeartas gan an fhaisnéis theicniúil seo a nochtadh i ndáil le cuairteoirí aonair ar an suíomh gréasáin le haon tríú páirtí mura gcuirtear iallach orainn le riail an dlí sin a dhéanamh. Ní úsáidfear an fhaisnéis theicniúil ach chun críocha staitistiúla agus riaracháin eile.

Ba cheart duit a thabhairt faoi deara nach ionann sonraí teicniúla, nach féidir linn a cheangal le haon duine inaitheanta agus ‘sonraí pearsanta’ chun críocha na nAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988-2003.

Fianáin

Píosaí beaga faisnéise atá i bhfianáin, a stóráiltear i gcomhaid téacs simplí, a chuireann suíomh gréasáin ar do ríomhaire is ea fianáin. Is féidir leis an suíomh gréasáin roinnt fianán a léamh nuair a thagann tú ar ais chucu. D’fhéadfadh an fhaisnéis a stóráiltear i bhfianáin bheith bainteach le do nósanna brabhsála ar an leathanach gréasáin, nó uimhir aitheantais uathúil ionas gur féidir leis an suíomh gréasáin ‘cuimhneamh’ ort nuair a thagann tú ar ais. Scriostar fianáin eile nuair a dhúnann tú do bhrabhsálaí agus ní bhaineann siad ach le feidhmiú an tsuímh ghréasáin. Go ginearálta, ní bhíonn faisnéis phearsanta i bhfianáin trínar féidir tú a aithint, mura thug tú an fhaisnéis sin ar an suíomh gréasáin.

Tá fianáin i roinnt áiteanna ar an suíomh gréasáin seo.

  • Nuair a thugann tú cuairt ar an suíomh gréasáin seo don chéad uair, feicfidh tú teachtaireacht a inseoidh duit faoi fhianáin. Má chliceálann tú ar an gcnaipe ‘Folaigh an teachtaireacht seo’, socrófar fianán ina dtaifeadfar do shainrogha.
  • Úsáideann an suíomh gréasáin seo Cuardach Saincheaptha Google chun feidhm chuardaigh an tsuímh a chur ar fáil. D’fhéadfadh Google fianáin a leagan nuair a úsáideann tú an fheidhm cuardaigh . Tá beartas fianáin Google le fáil anseo: google.com/policies/privacy/.
  • D’fhéadfaí fianáin ó Google a shocrú chomh maith nuair a fheictear Google Maps ar an suíomh gréasáin seo.

Ceadaíonn formhór brabhsálaithe duit fianáin a mhúchadh nó chun do shocruithe d’fhianáin a chur in oiriúint. Chun é seo a fháil amach, feic an roghchlár ‘Cabhair’ ar do bhrabhsálaí. Tabhair faoi deara, má mhúchann tú fianáin nó má athraíonn tú do shocruithe, tá seans ann nach n-oibreoidh roinnt de na gnéithe i gceart.

Faisnéis bhreise nó chun iarratas a dhéanamh

Má tá imní ort faoin gcaoi a bpróiseáiltear sonraí pearsanta tríd an suíomh gréasáin seo, ná bíodh drogall ort an imní sin a chur faoinár mbráid.

Gluais téarmaí teicniúla a úsáidtear

Brabhsálaí Gréasáin

An píosa bogearraí a úsáideann tú chun leathanaigh ghréasáin a léamh. Samplaí is ea Microsoft Internet Explorer, Mozilla Firefox agus Opera.

Seoladh IP

Na sonraí aitheantas i gcomhair do ríomhaire (nó ríomhaire do chuideachta Idirlín), a chuirtear in iúl i gcód prótacal Idirlín (mar shampla, 192.168.72.34). Tá seoladh IP uathúil ag gach ríomhaire atá ceangailte leis an ngréasán, cé nach mbíonn an seoladh mar a chéile gach uair a dhéantar ceangal.