Ballraíocht Ar | Déan Teagmháil Linn

An Bhfuil Táille I Gceist?

Foráiltear faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 do chóras nua táillí SF.  Tá teacht ar an Ordú Aire trína gcuirtear an córas nua táillí ar bun (I.R. 531 de 2014) anseo.  Seo cuntas achoimre ar an gcóras nua táillí maidir le hiarratais ar thaifid neamhphearsanta:

  • Tá deireadh curtha leis an táille iarratais €15;
  • Tá íosteorainn €101 i gceist nach féidir aon táille maidir le cuardach, aisghabháil ná cóipeáil a ghearradh má bhítear faoina bhun. Ó bhíonn €101 i gceist leis na táillí, gearrtar an t-iomlán;
  • Tá uasteorainn €500 leis an tsuim is féidir a ghearradh maidir táillí cuardaigh, aisghabhála agus cóipeála;
  • Tá uasteorainn eile €700 i gceist maidir le táillí cuardaigh, aisghabhála agus cóipeála measta sa chaoi is má sháraítear sin gur féidir leis an gcomhlacht SF diúltú iarratas a phróiseáil mura mbíonn an t-iarratasóir sásta caomhchóiriú a dhéanamh ar an iarratas ionas go dtugtar na táillí cuardaigh, aisghabhála agus cóipeála faoi bhun na teorann sin;
  • €30 (€10 i gcás duine ag a bhfuil cárta leighis agus cleithiúnaithe an té sin) an táille nua maidir le hathbhreithniú inmheánach faoi Alt 21
  • €50 (€15 i gcás duine ag a bhfuil cárta leighis agus cleithiúnaithe an té sin) an táille nua maidir le hachomharc leis an gCoimisinéir Faisnéise faoi Alt 22