Ballraíocht Ar | Déan Teagmháil Linn

Cé na Comhlachtaí a Thagann Faoi Scáth SF?

Faoin Acht um Saoráil Faisnéise 2014, tagann gach comhlacht a thagann faoi scáth an tsainmhínithe in Alt 6(1) an Acht faoi réir SF, mura bhfuil díolúine i bhfeidhm go sonrach, go hiomlán nó i bpáirt, faoi Alt 42 nó i Sceideal 1 leis an Acht. Seo a leanas an sainmhíniú:

  1. (1) Subject to this section, each of the following shall be a public body for the purposes of this Act:

(a) a Department of State;

(b) an entity established by or under any enactment (other than the Companies Acts);

(c) any other entity established (other than under the Companies Acts) or appointed by the Government or a Minister of the Government, including an entity established (other than under the Companies Acts) by a Minister of the Government under any scheme;

(d) a company (within the meaning of the Companies Acts) a majority of the shares in which are held by or on behalf of a Minister of the Government;

(e) a subsidiary (within the meaning of the Companies Acts) of a company to which paragraph (d) relates;

(f) an entity (other than a subsidiary to which paragraph (e) relates) that is directly or indirectly controlled by an entity to which paragraph (b), (c), (d) or (e) relates;

(g) a higher education institution in receipt of public funding;

(h) notwithstanding the repeal of the Act of 1997 by section 5 , and subject to this Act, any entity that was a public body (including bodies or elements of bodies prescribed as such) within the meaning of the Act of 1997 on the enactment of this Act.

Seo a leanas na cineálacha comhlachtaí a thagann, go hiomlán nó i bpáirt, faoi scáth SF faoin Acht:

  • Ranna Rialtais agus gníomhaireachtaí a thagann faoi choimirce Ranna Rialtais, mar shampla an Bord Iascaigh Mhara faoin Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an tÚdarás um Ardoideachas faoin Roinn Oideachais agus Scileanna agus an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil faoin Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil
  • An Garda Síochána
  • Údaráis Áitiúla
  • Boird Oideachais agus Oiliúna
  • Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
  • Ospidéil Dheonacha
  • Ollscoileanna agus forais ardoideachais eile
  • Rialálaithe, mar shampla an Coimisiún um Rialáil Fuinnimh, an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide
  • Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta agus fochomhlachtaí dá cuid
  • Banc Ceannais na hÉireann
  • Comhlachtaí dídeanaithe agus lucht iarrtha tearmainn, mar shampla Oifig an Choimisinéara Iarratas Dídeanaithe agus an Bord Achomhairc i leith Dídeanaithe;
  • Comhlachtaí Tráchtála Stáit a oibríonn i margadh monaplachta, mar shampla Uisce Éireann, Iarnród Éireann agus feidhmeanna líonra fuinnimh an BSL, EirGrid agus Ervia.

Sa chuid is mó de na cásanna, murar tháinig an comhlacht faoi scáth SF faoi Acht SF na bliana 1997 agus go dtagann an comhlacht faoi SF faoi Acht na bliana 2014, tá feidhm leis an Acht i leith an chomhlachta sin ón 14 Aibreán 2015 nó ón lá is deireanaí ná sin, nach deireanaí ná 12 mí óna achtú, a leagann an tAire amach le hordú. Rinne an tAire Ordú an 25 Márta 2015 (I.R. 103 de 2015) lena bhforáiltear go dtagann An Garda Síochána, Gaslink Independent Systems Operator Ltd (Bord Gais Networks mar a bhíodh), EirGrid plc, ESB Networks Limited agus Iarnród Éireann faoi scáth SF ar an 14 Deireadh Fómhair 2015, seachas an 14 Aibreán 2015.

Foráiltear freisin faoin Acht SF, le hAlt 7, do SF a leathnú go dtí comhlachtaí neamhphoiblí a ndéanann an Stát maoiniú suntasach orthu. Beidh aon chomhlacht den sórt sin a tháinig faoi scáth SF faoi Acht na bliana 1997 faoi scáth SF faoi Acht na bliana 2014 chomh maith. Féadfaidh an tAire, le hordú, a fhoráil in am tráth go bhfuil feidhm le SF i leith chomhlachtaí neamhphoiblí eile a ndéanann an Stát maoiniú ar leibhéal suntasach orthu. Tabharfar sin chun aire ar an láithreán gréasáin seo.