Ballraíocht Ar | Déan Teagmháil Linn

Maidir Le SF

Céard é Saoráil Faisnéise?

Tugtar an ceart duit san Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 rochtain a fháil ar thaifid a bhíonn ag comhlachtaí um SF. Is gá do chomhlachtaí um SF míniú a thabhairt mura dtabharfar duit an fhaisnéis a d’iarr tú agus is gá go hiondúil go ndéanfaí an cinneadh laistigh de 4 sheachtain.

Cad is féidir liom a iarradh?

Féadfaidh tú aon cheann díobh seo a leanas a iarradh.

  • Aon taifead a bhaineann leat féin go pearsanta, pé uair a cruthaíodh iad
  • Gach taifead eile a cruthaíodh tar éis an dáta éifeachtach

Cad is taifead ann?

Áirítear le taifead leabhar nó ábhar scríofa nó priontáilte eile i bhfoirm ar bith lena n-áirítear aon ghaireas leictreonach.  Léarscáil, plean nó líníocht, diosca, téip nó scannán ina bhfuil íomhánna físe nó neamhfhíse nó cóip d’aon cheann díobh seo. 

An gá íoc as faisnéis a fháil faoi SF?

Nuair a dhéantar iarratas ar fhaisnéis phearsanta níl aon táille mura mbíonn líon mór taifead i gceist.

I gcás iarratas a bhaineann le faisnéis neamhphearsanta, bíonn táillí i gceist chun na taifid a aimsiú agus a chóipeáil. Is é Alt 27(2) an t-alt ábhartha den Acht anseo agus baineann na táillí seo le:

(a)    Dearbhú an bhfuil an fhaisnéis a iarradh ag an gcomhlacht;

(b)   An fhaisnéis nó na cáipéisí ina bhfuil an fhaisnéis a aimsiú

(c)    An fhaisnéis nó na cáipéisí sin a fháil

(d)   An fhaisnéis a bhaint ó na comhaid, cáipéisí, foinsí faisnéise leictreonacha nó eile ina bhfuil an fhaisnéis agus ábhar eile nach bhfuil ábhartha don iarratas, agus

(e)   Sceideal a réiteach ina sonraítear na taifid atá le heisiúint.

I ndáil le táillí cuardaigh, fála agus cóipeála tá íostairseach €101 nach féidir aon táillí cuardaigh, fála agus cóipeála níos lú ná sin a ghearradh. Nuair a shroicheann an táille €101 beidh táillí iomlána i bhfeidhm.  Tá teorainn ar an méid is féidir a ghearradh agus tá sé seo socraithe ag €500.  Tá uasteorainn eile ar tháillí cuardaigh, fála agus cóipeála measta socraithe ag €700 agus má bhíonn an táille níos mó ná sin, féadfaidh an comhlacht diúltú d’iarratas a phróiseáil mura bhfuil an t-iarrthóir sásta an t-iarratas a bheachtú faoin teorainn sin.

Tá táillí chomh maith a bhaineann le hathbhreithniú inmheánach faoi Alt 22, €30 agus €10 do shealbhóirí chárta leighis agus a gcleithiúnaithe. Is é €50 agus €15 do shealbhóirí chárta leighis agus a gcleithiúnaithe an táille a bhaineann le hachomhairc chuig Oifig an Choimisinéara Faisnéise.

An féidir liom achomharc a dhéanamh ar chinneadh?

Is féidir. Mura mbíonn tú sásta leis an gcinneadh a dhéantar, féadfaidh tú athbhreithniú inmheánach ar an gcinneadh a lorg ar athbhreithniú iomlán agus nua ar d’iarratas ag daoine níos sinsearaí a bheidh i gceist. Ina dhiaidh seo, mura mbíonn tú sásta go fóill, féadfaidh tú achomharc a dhéanamh air seo chuig Oifig an Choimisinéara Faisnéise.