Ballraíocht Ar | Déan Teagmháil Linn

Samhail De Scéim Foilseacháin

Tá an tSamhail-Scéim Foilseacháin agus an Treoir a ghabhann léi á foilsiú ag an Aire um Chaiteachas Poiblí agus Athchóiriú faoi Alt 8 den Acht um Shaoráil Faisnéise 2014.

Leagtar amach in Alt 8(2) den Acht an méid a bheidh le háireamh i scéim foilseacháin agus déantar foráil in Alt 6 den Chód Cleachtais do mhíreanna breise atá le foilsiú ag comhlachtaí FOI. Glacann an tSamhail-Scéim Foilseacháin agus an Treoir na ceanglais sin ar fad san áireamh agus forálann d’fhoilsiú forghníomhach ar fhaisnéis oifigiúil ag comhlachtaí FOI.

Tugadh faoi roinnt comhchomhairle maidir leis an tSamhail-Scéim Foilseacháin agus leis an Treoir ina measc:

  • Comhchomhairle le comhlachtaí FOI
  • Plé ag Cruinnithe Líonra FOI
  • Comhchomhairle le hOifig an Choimisinéara Faisnéise
  • Comhchomhairle Phoiblí

De réir Alt 8(3) den Acht um Shaoráil Faisnéise ní mór do gach comhlacht FOI a Scéim Foilseacháin féin a chomhlánú , bunaithe ar an tSamhail-Scéim Foilseacháin tráth nach déanaí ná an 14 Aibreán 2016.

Model Publication Scheme

Icon

Model Publication Scheme October 2015 191.79 KB 3088 downloads

...