{"id":1237,"date":"2014-12-09T15:15:14","date_gmt":"2014-12-09T15:15:14","guid":{"rendered":"http:\/\/foi.gov.ie\/?page_id=1237"},"modified":"2016-04-12T14:39:55","modified_gmt":"2016-04-12T13:39:55","slug":"sample-letters","status":"publish","type":"page","link":"https:\/\/foi.gov.ie\/ga\/guidance\/sample-letters\/","title":{"rendered":"Litreacha Samplacha"},"content":{"rendered":"
Sa Rann\u00f3g seo, t\u00e1 teacht ar ghn\u00e1thlitreacha teimpl\u00e9id samplacha a chuir L\u00e1r-Aonad Beartas an FOI le ch\u00e9ile. T\u00e1 na gn\u00e1thlitreacha teimpl\u00e9id samplacha seo ag teacht leis an reachta\u00edocht agus t\u00e1 siad ar f\u00e1il le cuidi\u00fa le comhlachta\u00ed poibl\u00ed freagra a thabhairt ar iarrata\u00ed.\u00a0 Is f\u00e9idir le comhlachta\u00ed poibl\u00ed aonair leas\u00fa a dh\u00e9anamh ar na litreacha teimpl\u00e9id mar fhreagra ar ch\u00e1sanna sonracha.\u00a0 N\u00ed m\u00f3r sleachta \u00e1bhartha den Acht FOI ar a bhfuil lucht d\u00e9anta cinnt\u00ed ag brath a thabhairt i litreacha a bheadh ag tabhairt freagra ar iarrata\u00ed chomh maith le cearta achomhairc an iarrth\u00f3ra a bheith m\u00ednithe go beacht.<\/p>\n
C\u00e9 go gcuid\u00edonn an leagan amach caighde\u00e1nach seo le comhlean\u00fanachas sna freagra\u00ed, n\u00ed hionann sin is a r\u00e1 go bhfuil taca reacht\u00fail ag baint leo.<\/p>\n