Céard é Saoráil Faisnéise?
Tugtar an ceart duit san Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 rochtain a fháil ar thaifid a bhíonn ag comhlachtaí um SF. Is gá do chomhlachtaí um SF míniú a thabhairt mura dtabharfar duit an fhaisnéis a d’iarr tú agus is gá go hiondúil go ndéanfaí an cinneadh laistigh de 4 sheachtain.
Cad is féidir liom a iarradh?
Féadfaidh tú aon cheann díobh seo a leanas a iarradh.
- Aon taifead a bhaineann leat féin go pearsanta, pé uair a cruthaíodh iad
- Gach taifead eile a cruthaíodh tar éis an dáta éifeachtach
Cad is taifead ann?
Áirítear le taifead leabhar nó ábhar scríofa nó priontáilte eile i bhfoirm ar bith lena n-áirítear aon ghaireas leictreonach. Léarscáil, plean nó líníocht, diosca, téip nó scannán ina bhfuil íomhánna físe nó neamhfhíse nó cóip d’aon cheann díobh seo.
An gá íoc as faisnéis a fháil faoi SF?
Nuair a dhéantar iarratas ar fhaisnéis phearsanta níl aon táille mura mbíonn líon mór taifead i gceist.
I gcás iarratas a bhaineann le faisnéis neamhphearsanta, bíonn táillí i gceist chun na taifid a aimsiú agus a chóipeáil. Is é Alt 27(2) an t-alt ábhartha den Acht anseo agus baineann na táillí seo le:
(a) Dearbhú an bhfuil an fhaisnéis a iarradh ag an gcomhlacht;
(b) An fhaisnéis nó na cáipéisí ina bhfuil an fhaisnéis a aimsiú
(c) An fhaisnéis nó na cáipéisí sin a fháil
(d) An fhaisnéis a bhaint ó na comhaid, cáipéisí, foinsí faisnéise leictreonacha nó eile ina bhfuil an fhaisnéis agus ábhar eile nach bhfuil ábhartha don iarratas, agus
(e) Sceideal a réiteach ina sonraítear na taifid atá le heisiúint.
I ndáil le táillí cuardaigh, fála agus cóipeála tá íostairseach €101 nach féidir aon táillí cuardaigh, fála agus cóipeála níos lú ná sin a ghearradh. Nuair a shroicheann an táille €101 beidh táillí iomlána i bhfeidhm. Tá teorainn ar an méid is féidir a ghearradh agus tá sé seo socraithe ag €500. Tá uasteorainn eile ar tháillí cuardaigh, fála agus cóipeála measta socraithe ag €700 agus má bhíonn an táille níos mó ná sin, féadfaidh an comhlacht diúltú d’iarratas a phróiseáil mura bhfuil an t-iarrthóir sásta an t-iarratas a bheachtú faoin teorainn sin.
Tá táillí chomh maith a bhaineann le hathbhreithniú inmheánach faoi Alt 22, €30 agus €10 do shealbhóirí chárta leighis agus a gcleithiúnaithe. Is é €50 agus €15 do shealbhóirí chárta leighis agus a gcleithiúnaithe an táille a bhaineann le hachomhairc chuig Oifig an Choimisinéara Faisnéise.
An féidir liom achomharc a dhéanamh ar chinneadh?
Is féidir. Mura mbíonn tú sásta leis an gcinneadh a dhéantar, féadfaidh tú athbhreithniú inmheánach ar an gcinneadh a lorg ar athbhreithniú iomlán agus nua ar d’iarratas ag daoine níos sinsearaí a bheidh i gceist. Ina dhiaidh seo, mura mbíonn tú sásta go fóill, féadfaidh tú achomharc a dhéanamh air seo chuig Oifig an Choimisinéara Faisnéise.