Ballraíocht Ar | Déan Teagmháil Linn

Conas a Ndéanaim Iarratas Um SF

Ní mór an t-iarratas a bheith i scríbhinn chuig an gComhlacht um SF ag a bhfuil na taifid. Is féidir iarratais a dhéanamh trí ríomhphost chomh maith.

Nuair a dhéanann tú iarratas ní mór duit: An t-iarratas a sheoladh isteach i scríbhinn chuig an gComhlacht um SF ag a bhfuil na taifid atá á lorg agat.

  • tabhair le fios go bhfuil an t-iarratas á dhéanamh faoin Acht um SF
  • bheith sách soiléir le go dtuigfidh an comhlacht poiblí lena bhfuil an t-iarratas á dhéanamh cé na taifid atá á n-iarradh. I gcásanna nach léir don chomhlacht poiblí cé na taifid atá á n-iarradh, is gá dó cuidiú leis an iarrthóir a (h)iarratas a dhéanamh ar bhealach inar féidir na taifid atá á n-iarradh a aithint.
  • Nuair atá faisnéis phearsanta á lorg agat, beidh ort aitheantas cuí a chur ar fáil de réir mar a theastaíonn ó gcinnteoir.
  • I gcásanna ina bhfuil rochtain ar thaifid á lorg agat faoi alt 37(8) beidh ort sonraí breise a chur ar fáil d’fhonn na cearta seo a chleachtadh.

Nó sin, is féidir leat an Fhoirm Iarratais atá ar fáil ar an suíomh gréasáin seo a íoslódáil.

Cliceáil ar an nasc seo chun tuilleadh faisnéise a fháil maidir le foirm iarratais um SF a chomhlánú.

Tá Oifigeach um SF amháin nó níos mó ag gach Comhlacht Poiblí a bhfuil sé de fhreagracht orthu iarratais a dhéantar faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 a láimhseáil.