Ballraíocht Ar | Déan Teagmháil Linn

Cad Iad Na Buntáistí a Bhaineann le SF?

Cloch mhíle i dtéarmaí an caidreamh idir an riarachán agus an saoránach in Éirinn a shainmhíniú ba ea tabhairt isteach saoráil faisnéise i 1998. Go héifeachtúil, chuir sí an toimhde oscailteachta i ndáil le faisnéis oifigiúil in ionad an toimhde rúndachta a bhí ann go dtí sin.

Cheadaigh sé chomh maith do shaoránaigh agus do thráchtairí araon bheith ar an eolas maidir leis na breithniúcháin a tháinig roimh na gcinntí a mbíonn tionchar acu orthu. Roimh SF, rinneadh an obair riaracháin taobh thiar de dhoirse dúnta de réir reachtaíochta cosúil leis an Acht um Rúin Oifigiúla.

D’ardaigh tabhairt isteach SF caille na rúndachta don chéad uair a cheadaigh go gcuirfí faisnéis a bhain le rialú an Stáit ar fáil don phobal. Bhí SF lárnach chun saincheisteanna atá ríthábhachtach don phobal a thabhair isteach san fhearann poiblí agus d’éascaigh sé maoirsiú níos láidre ar ghníomhaíochtaí an rialtais agus na seirbhíse poiblí. Le hachtú an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014, forbraíodh an tsaoráil faisnéise a thuilleadh in Éirinn.

Baineadh an raon leathan srianta i ndáil le rochtain a tugadh isteach in 2003, síneadh SF chuig gach comhlacht poiblí, seachas díolúintí teoranta tugann an tAcht cumhacht chun SF ina iomáine nó ina chuid a shíneadh chuig comhlachtaí neamhphoiblí a fhaigheann maoiniú suntasach ón Stát. Rinneadh nuachóiriú, comhdhlúthú agus simpliú chomh maith ar an reachtaíocht atá i bhfeidhm le cúig bliana déag.