Ballraíocht Ar | Déan Teagmháil Linn

Cad is Saoráil Faisnéise Ann?

Folaítear san Acht um SF, go bhfuil na cearta dlíthiúla seo a leanas ag gach duine, ón dáta éifeachtach:

  • an ceart le rochtain a fháil ar thaifid oifigiúla atá ag Ranna Rialtais nó ag comhlachtaí poiblí eile mar a shainmhínítear san acht.
  • an ceart le faisnéis pearsanta atá coinnithe fúthu a cheartú nó a nuashonrú i gcás go bhfuil an fhaisnéis sin neamhiomlán nó mícheart nó míthreorach;
  • an ceart go dtabharfaí cúiseanna leis na cinntí a thógann comhlachtaí poiblí a mbíonn tionchar ag na cinntí sin orthu.

Folaítear i rialacháin gur féidir le tuismitheoirí, caomhnóirí agus neasghaolta na cearta seo a fheidhmiú i gcúinsí áirithe.

Is é atá i gceist leis na cearta seo gur féidir le daoine rochtain a fháil ar fhaisnéis phearsanta a choinnítear fúthu, is cuma cén uair a cruthaíodh an fhaisnéis, agus ar thaifid eile a cruthaíodh tar éis an dáta éifeachtaigh.