Ballraíocht Ar | Déan Teagmháil Linn

An Ngearrfar Táille Orm?

Tá na táillí seo a leanas i bhfeidhm maidir le hiarratas ar thaifid faoin Acht SF:

Táillí maidir le Cuardach agus Aisghabháil agus le Cóipeáil

Gearrtar táillí i ndáil leis an am a chaitear ar na taifid a scaoiltear leat a chuardach agus a aisghabháil agus ar thaifid den sórt sin a chóipeáil. Leagtar amach in Alt 27 an Achta na gnéithe den chuardach agus den aisghabháil ar féidir táille a ghearradh ina leith.

Sa chuid is mó de na cásanna, ní bhíonn táille i gceist maidir le cuardach, aisghabháil ná cóipeáil nuair is le taifid phearsanta an iarratasóra a bhaineann an t-iarratas. Ina ainneoin sin, is féidir faoin Acht táille a ghearradh, le haird ar acmhainn an iarratasóra, sa chás go mbíonn líon suntasach taifead i gceist leis an iarratas.

Táillí Athbhreithnithe agus Achomhairc Tá táille ag gabháil le hathbhreithniú agus le hachomharc le hOifig an Choimisinéara Faisnéise maidir le teacht ar thaifid neamhphearsanta. Tá táillí laghdaithe i gceist maidir leis an té ag a bhfuil cárta leighis. Cuirfidh an comhlacht poiblí lena mbaineann sin in iúl duit ag an am cuí.