Ballraíocht Ar | Déan Teagmháil Linn

NÍLIM SÁSTA LEIS AN GCINNEADH MAIDIR LE M’IARRATAS – CAD A FHÉADAIM A DHÉANAMH?

Is féidir le hiarratasóir achomharc a dhéanamh leis an gcomhlacht SF ag iarraidh go ndéanfaí athscrúdú ar an gcás.

Ní mór don chomhlacht SF a thabhairt go ndéanann duine is sinsearaí ná an té a rinne an chéad chinneadh athbhreithniú ar an gcás. Is féidir leis an té a dhéanann an t-athbhreithniú an chéad chinneadh a athrú nó aontú leis.

Sa chás nach mbíonn an t-iarratasóir sásta go fóill leis an gcinneadh, tá de cheart aige nó aici achomharc a dhéanamh maidir leis an gcinneadh leis an gCoimisinéir Faisnéise.

Ceapadh an Coimisinéir go sonrach chun cásanna achomhairc a éisteacht ó dhaoine den phobal nach bhfuil sásta leis an gcinneadh a dhéantar maidir le hiarratas. Is féidir táille roimh ré a bheith i gceist le hachomharc (féach Ceisteanna Coitianta: Ceist a 7 ina luaitear na táillí is féidir a ghearradh i ndáil le hachomharc).