Ballraíocht Ar | Déan Teagmháil Linn

Cén Ceart Achomhairc atá agam?

An féidir liom achomharc a dhéanamh maidir le cinneadh?

  • Is féidir. Sa chás nach mbítear sásta le cinneadh faoi iarratas SF, is féidir “athbhreithniú inmheánach” ar an gcinneadh a iarraidh ar an roinn nó ar an gcomhlacht. Cuirfear toradh an athbhreithnithe sin in iúl duit taobh istigh de 3 seachtaine.
  • Sa chás nach mbítear sásta le cinneadh faoin “athbhreithniú inmheánach”, is féidir a iarraidh ar an gCoimisinéir Faisnéise athbhreithniú a thabhairt ar an gcás.

An bhfuil táille i gceist maidir le hachomharc faoi chinneadh a dhéanann comhlacht poiblí?

  • Ní mór táille €30 a bheith le hiarratas ar athbhreithniú inmheánach faoi chinneadh a dhéanann comhlacht poiblí.
  • Tá táille laghdaithe €10 i bhfeidhm i gcás duine ag a bhfuil cárta leighis agus cleithiúnaithe an té sin.
  • Níl aon táille i gceist maidir le hiarratas ar athbhreithniú inmheánach nach mbaineann le haon ní eile seachas faisnéis phearsanta i ndáil leis an iarratasóir féin nó le cinneadh táille nó éarlais a ghearradh.
  • Ní mór táille €50 a bheith leis an gcuid is mó de na hiarratais ar athbhreithniú de chuid an Choimisinéara Faisnéise.
  • Tá táille laghdaithe €15 i bhfeidhm i gcás duine ag a bhfuil cárta leighis agus cleithiúnaithe an té sin nó sa chás gur athbhreithniú maidir le faisnéis áirithe tríú páirtí atá i gceist.
  • Níl aon táille i gceist maidir le hiarratas ar athbhreithniú nach mbaineann le haon ní eile seachas faisnéis phearsanta i ndáil leis an iarratasóir féin nó le cinneadh táille nó éarlais a ghearradh.