Is féidir eolas oifigiúil de chineál ar bith atá ar coimeád ag comhlachtaí poiblí a iarraidh faoin Acht.
Ina ainneoin sin, ionas gur féidir ligean do chomhlachtaí SF dul i mbun an ghnó mar is cuí, bíonn gá ó am go chéile cineálacha áirithe eolais a bheidh saor óna nochtadh i gcásanna faoi leith. Leagtar sin amach san Acht.
Ar na príomhchásanna eisceachta, tá taifid a bhaineann le:
- cruinnithe den rialtas
- forfheidhmiú an dlí agus slándáil
- faisnéis rúnda agus faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de
- faisnéis phearsanta (seachas faisnéis a bhaineann leis an té a dhéanann an t-iarratas)